School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 179
  3. XML “Scéalta Greannmhara - Scéal fá Mhícheal Ua Cordáin”
  4. XML “Scéalta Greannmhara - Mar Bhain an Fear an Geall.”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mar bhain an fear an geall.
    Bhí beirt fhear ag baint féar le corráin lá amháin agus bhí fear aca ar gach taobh de'n teorainn. Bhí fear aca pósta agus bhí an fear eile díomhaoin. Ní raibh siad an-mhór le chéile ar feadh na mbliadhan tach ach an lá seo bhí an fear díomhaoin ag teacht ró-fhada thar an teorainn. Thoisigh an bheirt ag dearbhughadh agus d'fhiafruigh an fear pósta de'n fear eile caidé'n fáth nach raibh seisean pósta mar fear eile agus dubhairt an fear díomhaoin leis -
    "Tá bean agat-sa agus tá oiread grádh aicí orm-sa as tá aicí ort fhéin."
    "Caidé’n dóigh a bhfuil fios agat-sa sin?" arsa an fear pósta agus chuir siad suas geall.
    "Gabh thusa isteach" ars' an fear díomhaoin, “agus leig ort go bhfuil tú án-tinn agus go bhfuil tú ar leabaidh an bháis agus rachaidh mise isteach a' dheánamh truaighe duit agus annsin beídh fhios agat go bhfuil an rud a deirim-se fíor."
    Chuaidh an fear isteach agus chuaidh sé a luighe agus leig sé air go raibh sé ar leabaidh an bháis. Bhí a bhean aníos agus síos a' t-urlár ag mairgnigh agus ag rádh “caidé dheánfas mé?"
    I ndhiaidh tamaill tháinig an fear eile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1350: The Loving Wife
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    58
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cill Charthaigh, Co. Donegal