School: Cróibh (roll number 14566)
- Location:
- Cróibh, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Choilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cróibh
- XML Page 161
- XML “Meg agus Micí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar seo”.
“Cé uaith a ghoid tú an gluaistean a Mhicí”, Ó tá, a bhreithimh, fuair mé é ó fhear beag, árd íseal, reamhar, tainidh a bhfuil an “Petrol Pumps” aige. Ó tchím arsa an breitheamh tá an fhírinne annsin agat sílim a Mhicí. Bhal anois ceist amháin eile, a Mhicí cá bhfuil an fear beag árd, íseal, reamhar tanaid a bhfuil an “Petrol “Pump” aige’. Ó, maise, innseochaidh mé sin duit, arsa Micí tá sé na chomhnuidhe i na thoigh fhéin.
“Ó” arsa an britheamh tá sin ceart a Mhicí agus anois, a Mhicí cá bhfuil an teach sin a bhfuil sé na chomhnuidhe ann? Ó seadh arsa Micí, tá an teach ar an talamh agus tá giota den spéir ós cionn an toighe. Him, ars’ an gárda a bhí na sheasamh ag éisteacht. Bhal, bhal, a Mhicí, tá an fhírinne agat fhad agus chuaidh tú. Anois tá an oiread sin againn. Fear beag árd íseal reamhar tinaidh a bhfuil an “Petrol Pump” aige tá sé na chomhnuidhe i na thoigh fhéin agus tá an teach deánta ar an talamh agus tá giota den spéir ós cionn an toighe.
Bhal, anois, a Mheg ceist ortsa. “Caidé thug tú don fear ar son an gluaistean? Ó, leóga, tá maise a bhreitheamh thug mise 3 bharaille bainne dó. No! No! Arsa an breitheamh tchím. Agus a Mhicí caidé thug tusa dó? Ó, tá, a bhreathimh thug mise trí rópaí móra fada dó. Agus a Mhicí cá bhfuair tú na trí rópaí(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Dhuibhidhir
- Gender
- Female
- Address
- Cróibh, Co. Donegal
- Informant
- Brian Ua Duibhidhir
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cróibh, Co. Donegal