School: Cróibh (roll number 14566)

Location:
Crove, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Choilín

Filter stories

Back
/ 163 Forward
Resolution: Low | High
Meg agus Micí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí beirt – lánamháin – ann aon uair amháin a b’ainm daobhtha Meg agus Micí. Bhí siad bocht agus ní rabh muirighin ar bith aca acht iad fhéin. Lá amháin, arsa Meg le Micí “caidé a deánfaidh muid a Mhicí, ionnus go mbéidh muid saidhbhir”. “Bal” arsa Micí, níl fhios agam. Bhfuil fhios agat, a Mheg, dá ngoidfinn gluaistéan b’feidir go ndeánfainn rud éigin air. Go díreach tá an fhírinne agat, a Mhicí. D’fág an bheirt aca an teach agus shiubhal leobhtha ar feadh fada go leór. Fa dheireadh chonnaic siad gluaistean ar thaoibh an bhealaigh mhóir agus isteach leis an bheirt. Thiocfadh le Micí é a thiomaint agus d’imthigh leo. Tháinig siad fhad le stáisiún agus chonnaic na gárdaí iad. Bhí fhios go maith aca nach rabh Meg agus Micí ábalta spanóg a cheannacht ní amháin gluaistean agus b’éigin daobhtha an gluaistean a thabhairt suas.
Cuireadh isteach na phrísosún iad go dtainic lá na cúirte agus bhí Meg agus Micí annsin. Sgairt an breitheamh ar an bheirt, agus aníos leobhtha. Bhí an gárda annsin a fuair greim ortha comh maith. “Bal”, arsa an breitheamh, “caidé tá le rádh agatsa, a Mhicí, cualaidh mé gur ghoid sibh gluaistean”. “Bal”, arsa Micí, deir siad sin i gcas ar bith”. Arsa an breitheamh “níl faill agam an t-am a chaitheamh

(continues on next page)
Collector
Sorcha Ní Dhuibhidhir
Gender
female
Address
Crove, Co. Donegal
Informant
Brian Ua Duibhidhir
Relation
parent
Gender
male
Address
Crove, Co. Donegal
Language
Irish