School: Cróibh (roll number 14566)

Location:
Cróibh, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Choilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cróibh
  2. XML Page 156
  3. XML “Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí ann uair amháin agus bhí triúr mac aige. Thinig tinneas ar an rí é féin, agus chuir siad fá choinne an doctúra agus dubhairt seisean go rabh ubhlaí ann a bhiseóchadh é.
    D'iarr an rí ar Thadhg, an mac is sine imtheacht agus iad a fhágáil. Ní rabh sé i bhfad ag siubhail gur casadh fear bocht air. D'fiafruigh Tadhg dó an rabh fhios aige cá rabh siad. Dubhairt sé go rabh fhios aige cá rabh said, agus go n-inns eochadh sé dó dá dtabhairfeadh sé leath a cuid bhidh dó. Dubhairt Tadhg go rabh sé beag go leór aige féin, agus d'imthigh sé leis.
    Nuair nach rabh Tadhg ag teacht d'iarr ar rí ar an dara mac imtheacht. Seán a bhí air. Casadh an fear céadna ar Sheán agus tharlaidh an rud céadna dó-san. Thug seisean leath a chuid bidh dó agus d'innis sé dó cá rabh na h-ubhlaí. D'imthigh Seán agus fuair sé na h-ubhlaí.
    Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí sé ar tuirseach agus luigh sé ar thaobh an bhealaigh mhóir agus chodlaidh sé. Nuair a bhí sé na chodladh thainig Tadhg agus thug sé leis ubhlaí Sheáin siocair go rabh fhios aige go rabh ubhlaí maithe aige-san. Nuair a chuaidh sé a bhaile d'innis sé d'on rí go rabh ubhlaí ag Seán a mhuirbhfeadh duine. Nuair a thainig Seán abhaile fuair an rí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Níc Niallghuis
    Gender
    Female
    Address
    Cróibh, Co. Donegal
    Informant
    Niall Mac Niallghuis
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Cróibh, Co. Donegal