School: Cróibh (roll number 14566)

Location:
Cróibh, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Choilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cróibh
  2. XML Page 152
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí triúr dearbhráthair ann fad ó shoin, beirt aca saidhbhir agus bhí an fear eile bocht.

    Bhí triúr dearbhráthair ann fad ó shoin, bhí beirt aca saidhbhir agus bhí an fear eile bocht. Bí muirighín mhór ag an fhear bhocht agus ní rabh muirighín ar bith ag an beirt saidhbhir. Bí dhá bhó dhéag ag an bheirt saidhbhir agus ní rabh ag an fear bocht ac sean bhó amháin. Bá gnáthach leis na ba a dul an casán céadhna na chnuic agus nuair a tháinig an Earrach, chuir an dá dhearbhráthair sgéala fhad leis an fhear bhocht a theacht agus cuidiughadh leobhtha an casán a chóiriughadh go dtéaidheadh na ba na chnuic. Dubhairt seisean nach rachadh an áit a rachadh na ba a bhí aca san go rachadh an sean bhó ann foscad. Dubhairt seisean nuair a rachadh an bhó ‘na chnuic go muirbhfadh siad i, agus dubhairt seisean gur chuma leis.
    Nuair a chuaidh a' bhó na cnuic mharbhuidh said í. Bhain an fear bocht an croiceann de’n bhuin, Ní rabh aige ar an t-saoghal acht naoi bpíosa leath-choroinn. Chuir sé na naoi bpíosa leath-choroinn isteach san chroiceann agus thug sé deireadh leis go dtí fear ar an bhaile mhór a bhí ag ceannacht croiceann. Acht ní bhfuigheadh sé ar an chroiceann acht cúig sgillinge. Dubhairt sé le fear an t-siopa gur bfiú 200 an croiceann seo nó an uile am a chraithfidhe é go dtuitfeadh píosa leath-choroinn amach as. Chraith sé ocht n-uaire é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Collector
    Seosamh Ua Canainn
    Gender
    Male
    Address
    Cróibh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Baoighill
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Churraoin, Co. Donegal