School: Cróibh (roll number 14566)
- Location:
- Cróibh, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Choilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cróibh
- XML Page 143
- XML “An Gasúr agus Rí Buí an Chnoic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt sé go mbéadh cluithe eile aige leis. I dtráta an áit chéadhna tháinig an fear céadhna fhad leis agus tharraing sé an tábla trasna an bhealaigh mhóir roimhe. “A ghasúir, an mbéidh cluithe agat”? “Is Cuma liom”, ars’an gasúr. D’imir siad agus bhain an gasúr.
“Féadann tú a bheith ag dul a bhaile anois”, ars an fear leis, “tá cúig chéad beathach agam agus bhéarfaidh mé dó rogha de na cúig chéad duit”. Ag dul na bhaile dó, D’innis sé dó na mháthair caidé déirigh dó. “Nar chros mé ort”, arsa sise “roinn ar bith a bheith agat leis, caidé dheánfaid tú anois”? “Níl fhios agam”, ars an gasúr mur ndeanfaidh cailleach na gcearc fios damh”. Chuaidh sé fhad leis an t-sean chailligh agus d’innis díthe caidé mar bhí. Rinne sí fios dó, agus dubhairt sí leis, “Mo thruaighe thú, is truagh a bhí aon roinn agat leis. Nó sin é an fear a dtugann siad Rí Buidhe an chnuic air. Athair – mór na ndiabhal uilig, agus tá sé a dhiaghbhail ort a bheith ar do choimhead na cuirfidh sé an cluithe deireannach ort. Tá na cúig chéad beathach aige gan amhras ar bith, acht na glac thusa aon cheann amháin aca. Abair leis go ndeánfaidh an clibistín atá thios ins an tsileár cúis.(continues on next page)- Collector
- Tomas Ua Duibhidhir
- Gender
- Male
- Address
- Cróibh, Co. Donegal
- Informant
- Brian Ua Lamhna
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Cróibh, Co. Donegal