School: Cróibh (roll number 14566)

Location:
Crove, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Choilín

Filter stories

Back
/ 163 Forward
Resolution: Low | High
Dona agus Domhnall Dona

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí lánamhain ann fada ó shoin d’arbh ainm Dona agus Domhnall Dona agus an uile phighinn a gheobhadh an Domhnall Dona bheirfeadh sé do na mhnaoi é le taisgidh fá choinne na coise tinne. Lá amháin tháinig fear bocht isteach agus d’fiafruigh sé do’n bhean an rabh léigheas ar bith aicí fá choinne na coise tinne. Dubhairt sí go rabh, d’éirigh sí agus fuair sí spáran mór airgid agus d’ubhairt sí gur sin an léigheas a bhí aicí fá choinne na coise tinne. Seachtmhain na dhiaidh sin d’iarr Domhnall ar a bhean airgead a tabhairt dó go rabh gnoithe aige leis. Dubhairt sí nach rabh an phighinn aicí nó go dtug sí do fhear bhocht é fá choinne na coise tinne. Dubhairt an fear annsin go gcaithfeadh siad an teach a fhágailt, agus d’iarr sé ar an bhean an codhla a tharrainght na diaidh. Nuair a d’amharc an fear thart bhí an bhean ag teacht agus an codhla léithe. Thug siad an codhla leobhtha suas go mullach crainn agus rinne siad leabhaid d’en codhla le codladh air go maidin. Tháinig triúr fir thart agus mála mór airgid leobhtha. D’fág siad an mála ar an talamh agus shuidh siad fhéin ag an chrann. Dubhairt an fear go leigfeadh sé síos an codhla ortha, agus leigh. D’imtigh na fir ag rith agus tháinig Dona agus Domhnall

(continues on next page)
Collector
Caitlín Ní Ghaibhtheachain
Gender
female
Address
Crove, Co. Donegal
Informant
Brighid Nic Giolla Easbuic
Relation
not a relative
Gender
female
Address
Crove, Co. Donegal
Language
Irish