School: Straleel (roll number 16033)

Location:
Srath Laoill, Co. Donegal
Teacher:
Brian Ó Breisleáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 68

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 68

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Straleel
  2. XML Page 68
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Cor uair bhiodh sgaifte do na leapracain sin le cheile, cor eile ní bhiodh ann ach duine amháin.

    Cor uair bhiodh sgaifte do na leaprachain sin le cheile cor eile ní bhiodh ann ach duine amháin. Connaic Padraig Ó’Dochartaigh iad atá na chomhnuidhe i Srath na Circe bhí siad uilig na suidhe thart fa’n teine bhí siad i gcúl claidhe faoi chrann. Ní dearn siad dadaidh air. Shuidh siad annsin. Bhí Brighid Ó’Dochartaigh sin mathair Padraig Ó’Dochartaigh i Srath na Circe bhí sí ag obair le féar ar thalamh Sheaghain O’Beirn i Srath na Circe. Chonnaic sí paisde beag ag rathaidh anuas o’n chnoc agus chuaidh sé isteach faoi na crainn agus ní facaidh sí níos mó é. Bhí fear i Mhín na Aodhaire ar bhainm do Seán O’Gadhra. Chuaidh sé suas na chnuic lá amháin agus casadh buachaill ruadh air agus thosuigh siad ag comhradh. Dubhairt an buachaill ruadh leis go mbeadh sé ag aifreann na Gleannta indiu. Ba ghairid na dhiaidh sin go bhfuair an fear sin bás. Bhí dhá fhear i na gcomhnuidhe i Mín na Aodhaire ar bhainm do Phadraigh Mac Fhionngaile agus Seán Mac Cailleog. Chuaidh siad amach ag baint tabaoireach lá amháin. Thainig cailín ruadh fhad le Seán Mac Cailleog agus thosuigh siad ag cainnt le cheile. Nuair a chuaidh sí ar siubhal diafruigh Seán Mac Cailleog do Padraig Mac Fhionngaile a fhaca sé an cailín agus ní fhaca seisean ar chor ar bith é. Tamall na dhiaidh sin bhí sé ag dul amach go aonach Cill Chartha. Nuair a bhí sé ag dul amach. (Nuair a bhí) cruithnigh sé ceann do na bróga. Thonntuigh sé arais agus fuair sé é agus é tonntodh ar agaidh an bhaile. Tamall na dhiaidh sin fuair sé bás. Bhí fear i Srath na Circe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Padraig Ó Dochartaigh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    67
    Occupation
    Tábhairneoir
    Address
    Killybegs, Co. Donegal