School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 340
- XML “Féilí na Bliana - Oíche Fhéile Eoin”
- XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an paidrín ag an teine. Nuair a mbíonn an paidrín ráidte bheireann siad leobhta aibhleóg agus fágann siad ceann ins an chuibhreann phreátai agus ceann an coirce.
- Oidhche Shamhna.
Bíonn rudai gan chiall ag dul ún tosaigh ar an oidhche seo.
Cleasa da n imirt ag buachaillidh agus cailíní le fios a fhághail cé an duine a bheás mar mnaoi na mar fear aca.
Cleas na háithe aoil. Téidheann buachaill na cailín fad le áith aoil, mar tá siad neamh-eaglach go leor le sin a dheánadh, bíonn cearthlinn snáth leo, caitheann siad an cearthlinn síos agus deireann siad “Cé rud shíos ag bun mó shnáithe” Bhéarfaid an té a bhéas mar chéile aca freagair orthú annsin.
Bhí cailín annseo uair amháin agus chuaidh sí amach le ceartlinn, lean duílach i agus chuaidh asteach san áithche sul a dtainig sí fád léithí. Caith sise síos an cearthlinn agus dubhairt “Ce rud shíos ag bun mo shnáithe”. Labhair an duílach a bhí shíos agus ar seisean “Cé bhéadh ann acht Padai ‘n Chárnain”.
Bhí seanduine ar a bhaile a rabh an leasainn sin air.(continues on next page)