School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)b’feidir go mbíonn achan rud thart i dteach an phobail.
Roimhe seo ní chuirfeadh bean braon uisge ar a h-éadan agus ní chuirfeadh sí cíor in a ghruaig acht í sínte síos léithé ‘na slaodaibh go dtí go dtiocfad sí arais ó theach an phobail.
Sé an fáth a bhí le seo - An chéad Aoine Chéasta nuair a chualaidh an Mhaighdean Mhuire gur beireadh ar Íosa agus gur daoradh chun báis É ní rabh faill aicí dadai a dheanádh acht a clóca a chur fa na ceann agus amach léithí in aireis a Mhic mhúirneach.
Mar i g-ceadna chuireadh na mná annseo clócha na falaing suas ar a g-cinn agus amach leo toighe dé gan chóiriughadh ar bith a thabhairt orthú fhéin.
Is cuimhneach liom féin fa thuairim dá fichid bliadhan ó shoin nuair a bhíodh an saghart ag deanadh seanmóra ar Chéasadh Chríost, ní chluinfea é le caoineadh bán agus téifea deara i súlaibh na bhfear fosta. Ba mhaith an seanmóir anois a bhainfeadh och! ua na cailínibh atá ann.
Domhnach Cásg. Bíonn féastai ag na páistibh an la seo amuigh ins na cuibhrinn. Bruitheann siad uibheacha agus bheir siad amach leo iad.