School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 337
- XML “Féilí na Bliana - Féile Bríde”
- XML “Féilí na Bliana - Céadaoin na Luaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhéas an chistineach réidhtighthe, suidheann gach duine thart agus caithfidh gach uile duine cros a déanadh. Corr uair ghnidhthear na crosannaí le cochan.Lá thar na bhárach chraitheann bean an toighe uisge coisreaca orthú agus cuirtear in áirde iad ins an teach agus ins an bhoitheach.Bíonn an brat Bríghde aca fosta, giota beag líneadach. Fágtar amuigh an oidhche sin é.
- Níl a'n duine beag na mór nach dtéidheann go teach a 'phobail an lá sin le marc a fhágháil ar a n-éadain. Tá deireadh anois le rinnce agus ceol, le hoidhcheannai móra agus le spóirt go mbíonn an Cargas amuigh.Cuireann na daoine oibliogóid orthú féin Turas na Croise a siubhal gach lá ar feadh an Chargais. Nil an troscadh comh mór ar na daoine anois agus bí san i sean am. Is minic annseo ghnidheadh na seanmhna agus na sean duinidhe an Troscad Tréadhannach agus ba mhinic a chaithfeadh an saghart cosc a chur orthú ar eagla go ndeanfadh siad dochar daobtha féín.An Troscadh Tréadhanach ó Deardaoin go Domhnach. Ar Aoine a' Chéasta ní bhlaiseann na daoine greim bídh agus ní ólann siad dadai acht uisge(continues on next page)