School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 327

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 327

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 327
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Luigh an droch- shaoghal go trom ar mhuintir na háite seo. Bíos ag éisteacht go minic le daoine a thainic fríd am as chruaidhteain sin ag innse fán dóigh bocht a bhí orsa, acht níor cualas ariamh iad a rádh go dtug fiabhras na ocras ar shiubhal moran.
    Táinic an aicid ar na preátai 1846, an méid aca a bhí sábailte lóbh siad indhiaidh a gcur asteach. Ní rabh an pór annsin ag na daoine ath bhliadhain. Chualas na seanduinidhe ag radh go mbíodh siad amuigh ag romhar an chonnlaigh go bhfeiceadh siad an gcasfoidhe corr phréata féin orra. Ghearradh siad an tsúil agus giota beag thart fa dtaoibh dé le cur, agus d’iósfadh siad an fuighleach.
    Bhí comhair a bheith trí oiread daoine sa parraiste an t-am sin agus tá anois. Ach is beidh go dtainic an mhin bhuidhe asteach sé an bas a bhí i ndán dó mhoran.
    Chualas ó ainsín damh féin, Máire Ní Mhuireadaigh a rugadh in 1834 agus a fuair bás in 1911 gur cuimhneach léithé an chéad proinn mín bhuidhe a connaic sí ariamh. Indiaidh na proinne a bheith thart thóg a hathair a hata agus ar seisean “Dá mbéadh lán an hata sin de ginidheacha buidhe agam ní ceannachainn cloch de’n mhin sin arais”.
    Is beag a shaoil sé nach mbeádh dadaidh le fághail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish