School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 315

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 315

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 315
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Daoine Cáileamhla
    An duine is mó cáil, an duine is mó a rabh meas ag na daoine go coichiannta air, an duine a fuair urraim agus onóir ó Ghaedheal agus Gall agus an duine a mhairfeas i gcuimhne na n daoine go dtéidh an fód deireannach ar uaigh an duine deireannach a gcuirfeas i bparroiste Cill Chartha sé an duine sin An Sagart Aodh Ua Domhnaill a tháinic 'na pharroiste seo in 1847 agus a fuair bás in 1868.
    Nuair a thainic sé annseo na shaghart óg lúthmhar láidir ní rabh roimhe acht anas agus leathtrom. Bhí na daoine bocht, mheath na préatac, bhí an biadh gann, bhí poitín da ndéanadh agus le fághail go réidh, bhí troda ar na haontaighe, bhí na Mollies fa réim, bhí na Tighearnac teann, bhí 'n cumhacht uilig i lámhaibh na nAlbanach. Ní rabh a'n duine de'n tsean chreideamh ameasg na ngiuistírí sa chúirt. bhí ministir Le Bat amuigh ar an Doireleathan agus bhí an dlighe uilig aige-san. Dá n óladh duine gloine barraidheacht ar aonach, bheirfidhe air agus bhéarfaidhe fhad leis an mhinistir é, bhí cumhacht aige-san a dhaoradh 'un príosúin, sin na é a cháineadh. Bhí teach mór galánta ag an mhinistir; ní rabh ag an saghart parróiste acht ceann beag neamh-oirnéalta. Bhí cóiste mhór agus beathaigh éifeachtamhla ag an ministir agus fonn siubhail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish