School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 306
- XML “Scéaltaí Beaga do Pháistibh a Bheadh ag Éirí Santach - Gobán Circe”
- XML “Scéalta Beaga do Pháistí a Bheadh ag Éirí Santach - An Gasúr Santach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéaltai beaga do pháistibh a bhéadh ag éirighe sanntach, a d’innseochadh na sean-mná roimhe seo..1. Goban Circe
Am an ghorta mhóir a bhí ann agus chuaidh bean go dtí an baile mór go bhfeiceadh sí an dtiocfadh léithi cupla cloch mine féin a fhághail a choinneochadh beo í. Fuair sí an mhin agus phill sí ‘na bhaile. Bhí casan achrannach, clochach le ghabhail aicí thar sléibh ionns air a baile fhéin. Baineadh truisleadh aistí [agus] thuit mála na mine agus dórtadh an mhin uilig ar an talamh. Thóg sí asteach an méid a thiocfadh léithí acht bhí cuid dí scabtha thall a’s i bhfos nach dtáinig lei a thógail. Bhi ’n ganntanas mór agus ba doiligh léithi dadaidh de’n mhin a leigint amudha. Síos léithi ar a glúnaibh agus chuir athchuinge le Dia go gcuireadh Sé gob circe oirthí go bpiocadh sí gach uile gráinín asteach sa mhála. Fuair sí a hathcuinge agus nuair a bhí iomlan na mine piocuighthe isteach aicí síos léithí arais ag iarraidh ar Dhia an gob a bhaint díthí, acht níor thug Dia áird oirthí an iarraidh seo. Ó shoin amach ní rabh ainm oirthí acht Goban Circe. - (2) An Gasúr Sanntach
Bhí teaglach ann uair amháin agus brúightín a bhí réidh aca ag a ndínnear. Bhí siad uilig thart fán phota, spunóg ag achan(continues on next page)- Informant
- Maire Ní Mhuireadhaigh
- Gender
- Female
- Age
- 77