School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 304
  3. XML “Cruatan an Bháis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cruaidhtean An Bháis
    Scéal a fuaras ó Dhominic Ua Bheirn ar an Chomhguis, a fuair bás tuairim 15 bliadhain ó shon. Bhí sé ós cionn deich agus an trí scór d'aois go ndéanfaidh Dia trócaire ar a anam.
    Nuair a bhí Naomh Pádraic ag glanadh na hÉireann bhí sé fhéin agus a ghiolla ag siubhal lá amháin. Labhair an giolla agus ar seisean "A Phádraic! an bhfeiceann tú dadaí romhamn sa tslighe? D'amharc Pádraic agus ar seisean "Tcím scáile mar bheadh scáile duine ann" "A Phádraic"! ars an giolla "cuir ceist air". Rinne Pádraic seo agus ar seisean "Mar duine thú a bhí ariamh ar an tsaoghal seo innis damhsa cé thú féin na cé'n t ainm a bhí ort"? Labhair an scáile agus ar sé. "Is mise Cormac Mac Airt, tá mé marbh le corradh agus dhá chéad bliadhan agus ní fhaca mé Dia na na Flaithis go fóill" Nuair a chualaidh Pádraic sin thainic an ionganntas air na chualaidh sé go minic ó thainic sé go hÉireann fa Chormac, an rí maith a bhí ann agus gur le na linn a thainic naoi gcno ar gach uile chraobh agus naoi gcraobh ar gach uile shlaith agus ar seisean leis "Agus caidé 'n fáth nach bfaca tú Dia na na Flaithis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Doimnic Ua Bheirn
    Gender
    Male
    Age
    Over 70
    Address
    An Chógais, Co. Donegal