School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 287
- XML “An Choill Bheag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Choill Bheag
Tá an Choill Bheag sínte leis an Chaiseal ar an taoibh siar de. Níl ar an bhaile seo acht seacht dtoighthe. Ma bhí coill ag fás annseo fad ó shoin níl toin le feiceail ar an bhaile anois. Gaedhlig uilig a bhí ag mhuintir an dá bhaile seo go dtí le fíor ghoirid nuair a bhrúigh an Bhéarla asteach orthú annsuid agus annseo.
Bhí fear gallta na chomhnuidhe annseo é féin agus a bhean tamallt beag ó shoin. Dá mhéad an Gaedhilg a bhí aige-sean ní rabh aon fhocal aicí-se. Thuig sí go maith í acht ní leigfheadh an beadaidheacht díthí í a labhairt. Bhí gabháltas beag talaimh aige agus ar an teorainn leis bhí fear ciuin modhamhail na chomhnuidhe. Bhí claidhe le cóiruighadh idir an dá ghabhaltas agus ar ndighthe bhí dualgas ar achan fhear aca a chuid féin dhe'n obair a dhéanadh.
Is cosamhail nach rabh an duine gallta ag tabhairt áird ar an chlaidhe agus bhí an duine eile comh faireach sin go rabh leirg air a iarraidh air cuidiú a thabhairt dó. Fa dheireadh thug a bhean air a ghabhail fhad leis.
Ar a theacht asteach dó go toigh an fhir ghallta, ní rabh fear a'toighe astuigh acht bhí sí féin annsin.
Chuir sí fáilte roimh an fhear a thainic agus d'iarr air suidhe. Shuidh sé acht is ar righinn a reatha a d'innis sé caidé thug asteach é. Seo an chainnt a tharla eadorthú. Eisean. "Aí, -á!- thainic(continues on next page)