Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Shalwy, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 254

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 254

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 254
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal

    Bhí fear na chomhnuidhe ins an pharaiste seo aon uair amháin agus is fada ó bhí agus bhí sé iongantach bocht.

    Bhí fear na chomhnuidhe ins an pharaiste seo aon uair amháin agus is fada ó bhí agus bhí sé iongantach bocht. Ní rabh aon phighin airgead sa teach aige leis an cíos a dhíol. Ní rabh aon beadhadhach ceathair cosach aige acht aon bhó amháin a bhí ag tabhair braon bainne do.
    Cuaidh cupla blian thart agus níor dhíol sé an cíos. Bhí an bhó aige rith an ama agus bhí si iongantach sean. Sa deireadh thiar thall tháinig an siriam fhad leis agus chuir ceist air cad chuige nar dhíol sé an cíos. Dubhairt seisean nach rabh aon phighinn airgead ins an teach aige agus nach dtiocfadh leis an cíos a dhíol.
    D’fhiafruigh an siriam do an rabh feur, préataí, caoirigh, na eallach de chineál ar bith aige a dhíolfadh an chíos do. Dubhairt seisean nach rabh caora no eallach de chineál ar bith aige acht aon bó amháin agus go rabh sí ag tabhairt braon bainne do agus nach rabh mórán maith inntí na go rabh sí comh sean leis an cheo.
    An dtabhairfidh tú an bhó domhsa arsan siriam. Bhearfaidh cinnte arsan fear no níl maith ar bith inntí ar chor ar bith. Acht arsan siriam dheanfaidh mé margadh eile leat sul a dtabhairfidh mé liom an bhó agus seo é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghoill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Donegal