School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 248

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 248
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mac deug aige. Lá amháin bhí an fear seo ar siubhail ar taobh loch mór agus chonnaic sé éan ag snámh ar an loch agus bhí trí éan deug ag snámh leis.

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mac deug aige. Lá amháin bhí an fear seo ar siubhail ar taobh loch mór agus chonnaic sé éan ag snámh ar an loch agus bhí trí éan deug ag snámh leis. Bhí sé ag amharc ar na h-éanach agus chonnaic sé na h-éanacha uilig ag tionntódh go dtí an t-ean a b-oige agus a’ chur tóir air ó’n loch. Shíl an fear annsin nach raibh sé ceart trí deág a bheith i dteaghlach ar bith agus go gcaitfeadh seisean a mac a b’óige a chur ar siubhail. Cuaidh sé abhaile agus d’innis do a bhean caidé a chonnaic sé agus dubhairt sé go gcaithidh siad an mac a b’óige a chur ar siubhail. Bhí buaidhread mór ar an mháthair nuair a chualaidh sí seo acht ní raibh gan ann. Diarr sí air a gabhail go dtí bean-draoidheachta as an áit agus fiafruigh dí caidé a bfhearr dó a dheanamh.
    Dubhairt sise leis a radh le na h-áthair an capall beag ar a dtugtar an clibistín air a tabhairt do agus é a gabhail a marcaidheacht air. Rinne sé amhlaidh. Níor mhaith leis an táthair a sgaradh leis an clibistín acht sa deireadh thug sé dó é. D’imthigh an gasúr a marcaidheacht ar an clibistín. Siubhail siad leobhtha ar fheadh lá. Sa deireadh nuair a bhí an tráthnona ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Caiseal Charna, Co. Donegal
    Informant
    Proinsias O Coilín
    Gender
    Male
    Address
    Iomascan, Co. Donegal