School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 242
- XML “Scéal Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Beag
“Bhí fear ann fad o shoin darbh Séamus Bán. Ba gnáthach leis gabhail dh'áirneál gach oidhce go teach a bhí i g-cúl an chnuic.”
Bhí fear ann fad o shoin darbh Séamus Bán. Ba gnáthach leis gabhail dh’áirneál gach oidhce go teach a bhí i g-cúl an chnuic. Bhí an teach giota fada ar shiubhail agus b’éigean dó gabhail trasna an chnuic. Oidhce amháin nuair a bhí sé ag gabhail a dh’áirneál casadh sgairte sidheog air agus d’iomchur siad é giota fada nó go dtáinig siad go dtí an fhairrge. Bhí an eagla ar Séamus nó shíl sé go gcaithfead siad é amach san fhairrge.
Nuair a tháinig siad chomhgarach dó’n fhairrge d’fhag siad Séamus síos agus bhí an eagla air. Annsin chuaidh na sidheogaí isteach ins na carraigeacha. Nuair a bhí siad ar siubhail d’éirigh Séamus agus chuaidh sé abhaile agus ní dheachaidh sé dh’áirneál ó’n lá sin go lá a bháis.- Collector
- Seaghain O hEigheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Largymore, Co. Donegal