School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 233
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé anonn go Meiriceá chuid daoine muinteara a bhí aige thall annsin.”
Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé anonn go Meiriceá chuig daoine muinteara a bhí aige thall annsin. Brian a bhí air. Lá amháin bhí amuigh ag siubhail agus casadh fear saidhbhir air agus d'fhiafruigh sé do caidé bhí a dhith air agus dubhairt Brian go rabh sé ag iarraidh oibre.
Caidé'n cineál oibre a bá mait leat fhagail. Is cuma liom arsa Brian no tá mé láidir go leor le obair ar bith a dheanamh.
Anois arsan fear saidhbhir tá mé ag deanamh teach úr agus an méid a gnidheann na saoir cloiche sa lá bíonn sé leagtha san oidhche agus bheirfidh mé dhá chéad phunt do dhuine ar bith a cuirfeas ar shiubhail an taidhbhse atá ann.
Dubhairt Brian go ndeanfadh sé sin agus míle fáilte no nach rabh eagla air roimh taidhbhse ar bith. Nuair a tháinig an oidhche shuidh sé an ag coimhead.
I dtrathaibh an mheadhon oidhche tháinig trúir de fhearaibh isteach agus thoisigh siad ar an teach gur leag siad é. Annsin thug Brian leis cloch beag agus bhuail sé ceann acú i gcúl na cluaise agus shaoil sé gurab é an fear eile a rinne é.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal