School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 219

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 219

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 219
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Lá amháin d'iarr an t-athair ar a mhac dornan caorach a bhí aige a thabhairt un aonaigh agus a dhíol.

    (continued from previous page)
    Agus shiubhail sí ar bharr an chlaide agus annsin ní rabh sí sa phairc no ar an ród.
    Nuair a tháinig sí go teach an t-seanduine cuireadh fáilte mór roimpí agus lá thar na bharach chuaidh an bheirt acu go teach pobhail agus pósadh iad Nuair a bhí siad cupla blian pósta fuair an seanduine bás Tamall beag na dhiaidh sin chuir rí Shasan sgéal anall ag iarraidh ar an fear óg a ghabhail anonn le caislean a dheanamh do agus nuair a bhí sé deánta ní rabh aon caislean ar an domhan ioncurtha leis agus ba mhaith leis an rí an fear óg a chuir ún bháis agus annsin ní bhéadh aon caislean ar an domhan ionchurtha le na ceann féin.
    Cualaidh an cailín aimsire caidé dubhairt an rí agus dinnis sí don fhear óg go rabh an rí a bráth é a chur un bháis.
    Lá amháin tháinig an rí chuige agus d’fhiafruigh sé don fhear óg an dearn sé aon caislean ariamh ionchurtha le na cheann sa Dubhairt sé nach dear acht go rabh locht amháin air agus muna mbéadh ball iarann aige a bhí aige sa bhaile nach dtiocfadh leis é a léigheas Caide’n t-ainm atá air arsan rí Cór in aghaidh an cam agus cam in aghaidh an cór.
    Dubhairt an rí go gcuirfeadh sé a mhac fá na choinne.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghóill
    Gender
    Female
    Address
    Cnoc an Cheo, Co. Donegal