School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 218
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Lá amháin d'iarr an t-athair ar a mhac dornan caorach a bhí aige a thabhairt un aonaigh agus a dhíol.

    Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Lá amháin d’iarr an t-athair ar a mhac dornan caorach a bhí aige a thabhairt un aonaigh agus a dhíol Cé mhéid ortha arsan mhac Tá arsan t-athair bíodh na caoirigh agus a luach na bhaile leat D’imthigh sé leis agus é ag meabhrughadh caide’n dóig a dtiocfadh leis sin a dheanamh Bhí sé ag siubhail ar an bhealach mhór go craidhte nuaire a casadh do cailín óg.
    Caide’n fáth a bhfuil tú chomh cráidhte indiu ar sise Tá ar seisean d’iarr m’athair orm na caoirigh seo a d’íol agus na caoirigh agus a luach a bheith na bhaile liom.
    Is deacair sin a dheanamh ar sise. D’imthigh sí agus tamall na dhiaidh sin tháinig sí agus deimheas leithí do lom sí na caoirigh thug luach na h-olna don bhuachaill agus dimthigh sé abhaile leis na caoirigh agus luath na h-olna Bhí an athas ar an t-seanduine annsin agus diarr sé uirthí theacht Seo an dóig a d’iarr sé i, Gan í a bheith in éinfeacht agus gan duine ar bith a bheith leithí gan í a theacht ar an ród no trasna na páirce.
    Thug sise an madadh léithí agus annsin ní rabh sí in éinfeacht agus ní rabh duine ar bith léithí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghóill
    Gender
    Female
    Address
    Cnoc an Cheo, Co. Donegal