Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Shalwy, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 210
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé amach ag iarraidh oibre. Sa deireadh rinne sé fastughadh le sgológ.”
Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé amach ag iarraidh oibre. Sa deireadh rinne sé fastughadh le sgológ. Ní radh sé ibhfad annsin go dteachaidh an sgológ agus a bhean ar laethe saoire agus d’fhág sé an bhuachaill na dhiaidh sa bhaile. Níor tháinig siad abhaile go ceann trí bliadhna na dhiaidh sin.
Fear an falsa a bhí ins an bhuachaill aimsire Agus nuair a fuair sé an sgológ agus a bhean ar shiubhail ní dhearn sé dadaidh acht suidh sé ag an cois na teineadh agus deirigh a chuid bróga comh cruaidh agus go mbéigin do iad a bhaint de. Nuair a tháinig an am leis an chíos a dhíol nior dhíol sé é agus tháinig an seirmh agus (thain) thug sé leis scór den eallach.
Tamall na dhiaidh sin tháinig an sgológ agus a bhean abhaile agus bhí siad mí shásta fan chuma a bhí ar gach rud thart fan teach agus bhí siad níos measa nuair a chualaidh siad gur chail sé scór den eallaigh. D’imthigh an sgológ annsin ar lorg an eallaigh.
Nuair a fuair an bhuachaill an sgológ ar shiubhail chuir sé a chuid bróga i dtobann uilig go dearn sé bog iad Annsin chuir sé air iad agus d’imthigh sé leis agus fuair sé roimh an eallach ag Baile-Na-gCreach agus thug sé amach a ghunna agus d’orduigh sé don seirmh a chuid lámha a cuir suas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghoill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Eamonn O Breislin
- Inscne
- Fireann