School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 197
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann fad ó shoin agus is fad ó bhí. Fear an saidhbhir a bhí ann bhí sé comh saidhbhir agus nach rabh fhios aige caidé a shaidhbhris.”
Bhí fear ann fad ó shoin agus is fada ó bhí. Fear an saidhbhir a bhí ann bhí sé comh saidhbhir agus nach rabh fhios aige caidé a shaidhbhris. Bhí a bhean marbh le seal tamall roimhe sin. Ní rabh aige acht sé fhéin agus nighean amháin.
Lá amháin tháinig buachaill óg go dtí an teach ar lorg an cailín le pósadh. Tháinig fearg mhór ar an athair annsin cionnus go dtáinig an buachall seo ar lorg a nhighean agus dubhairt sé go dtabharfadh sé don diabhal í níos luaithe no thabharfadh sé dó san í. D’imthigh an buachaill óg leis go h-an cráidhte cionnus nach bhfuair sé an cailín saidhbhir le pósadh.
Lá amháin seal tamall na dhiaidh tháinig gasúr eile go dtí an teach ar lorg an cailín le pósadh. Bhí culaith air a bfhíor deise dá bhfacthas súil ariamh. Agus d’iarr sé an cailín le pósadh. Dubhairt an t-athair go bhfuigheadh agus míle fáilte. Do pósadh iad tamall na dhiaidh sin agus bhí siad na chomhnuidhe le chéile.
Níor bhfada gur tugadh fa dear go rabh cos ádhmuid air. Tamall na dhiaidh sin thgadh fa dear go rabh súil gloinne aige.
Annsin cuireadh fá dhein an t-fagart tháinig sé agus d’innis sé don t-athair gurab é an diabhal a bhí ann agus nar cheart do an ghasúr a tháinig roimhe sin a(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal