Bhí fear ann aon uair amháin agus bhi siad an bhocht. Ní raibh acu acht aon mac amháin agus ní raibh seisean acht comh le h-ordóig a mháthara. Ba é an t-ainm a bhí ag na daoine air Tomás na h-ordóige. Lá amháin chuaidh an t-athair un choill a gearrabh crann acht ní raibh fhios aige caidé mar geobhadh sé an capall agus an trucall annsin roimh an oidhche leis na crann a thabhairt abhaile. Dubhairt Tomás go dtabhairfeadh seisean an capall chuige. Maith go leór arsan mháthair, cuirfidh mise an trucall ar an capall agus cuirfidh mise ar siubhail é. Maith go leór arsan t-athair agus dimthigh sé leis. Nuair a tháinig am dinnire chuir an mháthair an trucall air agus chuir sí Tomás na suidhe istuigh i gcluais an capall. Chuaidh Tomás agus an capall ar siubhail leo agus Tomás ag sgairtig. “Gabh ar siubhail ar sin”. “Gabh ar siubhail ar sin”. Siubhail siad tamall maith go dtí sa
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »