School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 182
  3. XML “Scéal - An Gasur Iomlaiteach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean aon uair amháin agus bhí siad pósta. Bhí páiste beag aca. Bhí gasúr amháin agus bhí sé a deánamh troiblóide mór do a h-athair agus do a mháthair. Dfhiafruigh sé do’n tsagairt caidé a dheánaid sé leis. Dubhairt an tsagairt leis é a chur ar siubhal. Dimthigh sé an lá ar na bharach. Is é an sagairt a céad duine a chasadh air. Dubhairt sé leis an gasúr é a ghabháil isteach i dteach phobaill agus cupla paidir a rádh. Bhí sé tamall beag istuigh nuair a tháinig bean isteach agus fear dall léithe. Dfhág sí an fear dall ag urnaigh agus d’imthigh sí féin amach. Níor fhada go dtáinig bean eile isteach agus fear dall léithe. Dfhág sise an fear dall ag urnaigh sa teach phobhail fosta agus chuaidh sí amach.
    Níor fhada go dtearn fear de na fir casachtach. Daithin an fear eile a ghlór “Sé do bheatha”, ar seisean leis an fhear eile An bhfuil mórán airgid agat Tá cúig phunta agam arsan fear Sin an mhéad céadna atá agam féin. Cá háit a bhfuil na cúig punt agat Tá sé agam in mo bhearad ar mo cheann Sin an áit atá sé agam féin. Bhí an gasúr ag éisteacht leobhtha le sin chuaidh sé suas agus thug sé leis an dá bheáraid agus thug leis na deich bpunt. Chait sé na bearaid ar an ród. Thoisigh an dá fhear ag troid ins an teach phobail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Coilín
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Meenboy, Co. Donegal