School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 178

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 178

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 178
  3. XML “Tobar Ciaráin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar Ciaráin suidhte i bpáirc ar an taobh iochtarach de’n bhealach mhór atá idir Cillchartha agus na Cealla Beaga i n-iarthar Dún-na-n-Gall. Tobar deas fíor uisce iseach é. Bíonn turas naomhtha ann gach bliadhain ar an cúigeadh lá de Márta agus bionn sgaifte mór ag an tobar an lá sin. Tá cloch mór giota ó’n tobar agus tá poll cruinn i lár na cloiche agus deirtear da mbeadh faithinne ort gurab é an leigheas atá air tú a ghabháil go dtí an cloch uair gach lá ar feadh trí lae agus cuid de’n uisce a chur ar an fhaithinne. Monc do beadh Ciaráin. Dearbhrathair do beadh é agus tá tobar i n-aice le Cillchartha ar a dtugtar tobar Cartha air. Bíonn turas naomhtha ann ar an ceathramhadh lá de Márta gach bliadhain.
    Deir na seanduine go rabh Chartha tinn san áit a bhfuil tobar Carthach anois agus bhí Ciaráin ag teacht ar chuairt chuige. Nuair a bhí sé ag tarraingt comhgarach do’n áit a bhfuil tobar Ciaráin anois thainic tart mór air agus bhí sé ag éirghe lag. Chonnaic sé an tobar taobh istigh de’n bhealach mhór agus chuaidh sé isteach agus dó’l sé deoch as.
    Annsin thainic tinneas air agus tá cloch mór giota ‘o’n tobar agus deirtear gur ar an chloich sin a bhí sé na luighe nuair a bhí sé tinn. Nuair a fuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Eigheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chruach Bheag, Co. Donegal