School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 176

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 176

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 176
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí teach mór ins na Cealla Beaga aon uair amháin agus bhí taidhbhse le feiceáil ann gach oidhche agus ní fhanochadh duine ar bith ann.

    Bhí teach mór ins na Cealla Beaga aon uair amháin agus bhí taidhbhse le feiceáil ann gach oidhche agus ní fhanochadh duine ar bith ann. Bhí fear ann san am sin agus bhí sé a bráth cailín saidhbhir a bhí ann a phósadh.
    Cuaidh sé chuig athair an chailín seo oidhche amháin agus diarr sé an cailín air acht dubhairt an t-athair nach bhfuigheadh sé a nighean go bhfanochadh sé oidhche amháin ins an teach seo.
    Maith go leór arsan fear eile agus d’imthigh sé leis go dtí teach an taidhbhsé agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé ar leach a bhí ann. Nuair a tháinig an mheadhon oidhche cualaidh sé an torman agus an ceól a ba bhinne da gcuala sé ariamh. Leis sin féin thainig solus mór isteach fríd an teach. Tháinig eagla ar an fhear a bhí ag coimhead agus shuidh sé go socair ins an choirnéal no bhí sé iongantach fuar agus ní rabh teine ar bith ann.
    Leis sin féin chonnaich sé cos fear ag teacht anios fríd an t-urlár agus na dhiaidh sin an corp agus na dhiaidh sin tháinig an ceann aníos agus sheas an fear ar an urlár. Tháinig fhear eile aníos na dhiaidh sin ar an dóigh céadna agus na dhiaidh fear eile agus nuair a tháinig an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghóill
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Cnoc an Cheo, Co. Donegal