School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 172

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 172

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 172
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm do Séamus Bán agus lá amháin chuaidh sé isteach i siopa a raibh biotailte 'a dhíol ann.

    Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm do Séamus Bán agus lá amháin chuaidh sé isteach i siopa a raibh biotailte ‘a dhíol ann. D’iarr sé ar fhear an siopa deoch a thabhairt do. Fuair sé an deoch agus thug sé punta do’n siopadhóir acht ní raibh breiseadh ar bith ag an siopadóir. Dubhairt Séamus go bhfagaidh sé an punta aige agus an céad lá eile a thiocfadh sé go bhfuigidh sé deoch i n-airge. ‘Acht’ arsan siopadóir. Caide mar bheidh fhios agam gur tusa atá ann. Bheidh fios agat go maith arsa Séamus no nuair a thiocfas mise isteach tógfaid mé mo h-ata agus déarfaidh mé – “Seo mise agus mo shean h-atha. Maith go leór arsan siopadhoir. Aithneachaidh mé tú. Chuaidh sé amach agus chuaidh isteach i siopa eile. Thárluigh an rud céadna do annsin. Chuaidh sé isteach i siopa eile agus thárluigh an rud céadna do annsin. Lá thar na márach easadh fear eile air. Chuaidh an bheirt acu isteach san chéad siopa agus sgairt Séamus ar deoch. Fuair sé é. Thóg sé a h-ata agus dubhairt. “Seo mise agus mo shean hata”. D’aithinan siopadóir é ar an bhomaite agus dubhairt sé go raibh sin ceart go leór. Chuaidh siad isteach ins an dara siopa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghan Iosep Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    11
    Address
    Caiseal Charna, Co. Donegal