School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 165

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 165
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear istigh i n-Gleann uair amháin agus bhiodh sé ag déanamh poitín.

    Bhí fear istigh i n-Gleann uair amháin agus bhiodh sé ag déanamh poitín. Smaoitigh sé lá amháin go dtabharfadh sé crúsca de fhad le Árd an Ratha go ndíoladh sé é. Thug sé leis an capall agus ghléas sé í agus dimthigh leis.
    Nuair a bhí sé ag gabháil síos Gleann Gheis sleamhnuigh an bheathach air agus thuit sé agus bhraiseadh an crúsed agus dóirteadh an phoitín. Luigh an bheathach síos agus shíl an fear go raibh sí marbh. Thug sé amach a sgian agus bhain sé an craiceann dithe. Dimthigh se leis síos go h-Árd an Ratha leis an craiceann.
    Nuair a dimthigh an fear d'ól an capall an poitín d'en bhealach mhór agus nuair a thainig an fear bhí an capall 'na seasamy ar an ród agus í ar meisce agus ghan aon dath craiceann uirthe. Bhí dhá chaora na sheasamh taobh istigh se'n chlaidhe. Thug sé amach an sgian agus mharbh sé an bheirt agus bhain sé an craiceann daobhtha. Thug sé leis an craiceann agus chur se thart ar an bheathach é. Annsin ní rabh snáthad ar bith aige le é a fhuaghail.
    Dimthigh sé leis agus bhain sé slatacha agus d'fuaghail sé an craiceann leis na slataca. I gcionn tamaill thoisigh an olann a fás ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Eigheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chruach Bheag, Co. Donegal