School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 149

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 149

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 149
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ann fad ó shoin dar b'ainm do Seán Ó Seanachaín agus bhí sé na chomhnuidhe i Sraith Na Díoga le na mhnaoi Bríghid.

    Bhí fear ann fad ó shoin dar bhainm do Séan Ó’Seanachaín agus bhí sé na chomhnuidhe i Sraith Na Díoga le na mhnaoi Bríghid. Chuaidh se suas maidín amháin a’ báint luachra go Gleann Bhalcan. Tamall na dhiaidh, chonnaic sé fear ag teacht chuighe. Bhí aithne mhaith ag Séan ar an fhear seo, agus bhí an luthghair air roimhe. Pádraig Beag an t-ainm a bhí air. Bhí Padraig ag teacht ó Albáin mar bhris sé a lámh tall, agus beigin do theacht abhaile. Dubhairt sé go mbheadh obair mhór ag gabhail ‘un tosaigh ann i gcionn cupla lá. “Maise tá airgead a dhith ormsa” arsa Séan, “da bhéinn thall. Bhí ar shiubhail anois arsa Pádraig, agus béidh tú in am ag an bhád a tháinig mise abhaile air. Ní thig liom a gabhail gan a innse do Bhríghid agus gan mo cuid éadaigh a bhéith liom. Bhearfaidh mise mo cuid éadaigh duit agus béidh ar shiubhail arsa Pádraig. Chuir Séan éadaigh Pádraig air, agus chuir Pádraig na sean éadaigh a bhí ar Shéan ar fhéin. D’imthigh Séan go h-Albáin annsin, agus thionntuigh Pádraig síos go Sraith Na Díoga. Ach nuair a bhí sé ag gabhail trasna na h-abhna thuit sé agus baitheadh é. Thug an tuile mhór an corp síos agus bhí sé brúighte agus stróchtha ag na clocha móra. Agus nuair a fuair siad an corp shíl gach duine gur Séan a bhí ann mar bhí éadaigh Séan air. Tugadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1792A: The Priest's Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Ó Cuirín
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Shalwy, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Chuirín
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Shalwy, Co. Donegal