School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 146
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní rabh na toighthe a bhí ann sa t-sean am deánta ar an dóigh céadna leis na toighthe atá ann anois. Toighthe an íseab a bhí ionnta. Thiocfad leat do lámh a chur suas go bárr na ballaí. Ní rabh fuinneóga ar bith ortha ach bhí poill ins na ballaí agus bhí craiceann caorach nó gabhair greamuigh thart ar na poill. Nuair a thiocfadh lá maith bhaineadh siad an craiceann de na poill leis an t-solas a leigint isteach. Bhí na dorsaí deánta de slata fighte fuaighte tríd a chéile agus sé an t-ainm a bhéarfadh siad ar na dorsaí sciath.
    Bhíodh na ballaí buailte thart le loab ghorm. Ní bhíodh ionnta ach cistineach agus seomra amháin. Ní rabh le feiceal ar na ballaí taobh istoigh ach súgha agus sruth-anuas.
    Ní bhíodh polátaí ar bith ins na toighthe acú ach bhí poll deánta acú ar mhullach a toighe agus ritheadh cuid de’n toit amach ar an pholl agus théigheadh níos mó amach ar an doras na theigheadh amach ar an pholl. Urlár créafóige a bhíodh ins na toighthe acú agus bhí leabaidh i g-coirneál de’n teach agus bhí bó ceangailte acú i g-coirneál eile.
    Bhíodh clocha cruinn a gheibheadh siad sa tráigh ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Eigheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chruach Bheag, Co. Donegal