School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 137
- XML “Scéal Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Beag
“Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe sa áit seo uair amháin. Bhí seól ag an fhear istoigh sa teach agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag figheadóracht agus muscaladh sé go h-an luath ar maidín agus bhí an fheard ar an mhnaoi leis as siocair nach dtiocfadh léithe c”
Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe san áit seo uair amháin. Bhí seól ag an fhear istoigh san teach agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag figheadóracht agus muscaladh sé go h-an luath ar maidín agus bhí an fhearg ar an mhnaoi leis as siocair nach dtiocfadh léithe codladh. Lá amháin nuair a bhí an fear ar siubhal sa phortach bhris sí an seól ‘na ghiotaí air mar shíl sí nach rabh duine ar bith istoigh le sgéal a dheánamh uirthe. Leig gamhan búithreach sa cheann eile de’n toighe. D’anam ar sise ní bhéidh tusa i bhfad beó le sgéal a dheánamh orm. Thug sí léithe an túirnín agus mharbh sí an gamhan ar eagla go n-innseadh sé do’n fhear gur bhris sí an seól. Nuair a thainig an fear un a bhaile agus chonnaic caidé a bhí deánta aicí bhí an fhearg air agus d-imthigh sé leis ag siubhail go bhfeiceadh sé an bhfuigheadh sé aon bhean comh h-amaideach le na mhnaoi fhéin. Ní rabh sé i bhfad ag siubhail go bhfacaidh se dhá bhean. Bean acú ag gach coirneál de theach agus greim acú ar dhá bheinn de’n toighe. Thainig sé fhad leobhtha agus d’fhiafruigh daobhtha caidé bhí siad a dheánamh. Tá muid ag iarraidh an teach a thionntadh arsa bhean acú. Tá an(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chruach Bheag, Co. Donegal