School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 119
  3. XML “Arán Mhin Choirce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí arán eile ann fosda le cois arán preataí agus bocstaí. Arán mhin coirce a dtugtar air. Ba ghnáthach leis na seandaoine é a dhéanamh go minic sa. t-shean aimsir. Tá sé an mhaith le h-ithe. Chualaidh mé cuid de na seandaoine ag cainnt go raibh arán mhin coirce an mhaith ag na fiacla. Ní dheanntar é anois acht anois agus arís. Chonnaic mé na seandaoine ghá dhéanamh.
    Fuair siad mhin coirce agus chuir siad uirge te air agus mheasc siad an t-uisge fríd é go raibh an mhin coirce fliuch. Annsin rinne siad bunóg mhór thanaidh de ar an tábla nó áit ar bith mar sin. Annsin thóg siad é ó’n tábla le na lámha agus chuir siad é ar an roistín ag cois na teineadh. Ní raibh an roistin ‘na luighe ar an teine acht bhí sé ‘na sheasamh ag cois na teineadh agus an t-arán ‘na sheasamh suas leis. Nuair a bhí taobh amháin de déanta thionntuigh siad é agus chuir siad ar an roistín arais é. Annsin nuair a bhí an taobh eile déanta thóg siad é. Bíonn sé an chruaidh nuair a bhíonn sé déanta agus bíonn sé an deas.
    Bhí arán eile ann fosda agus arán mhin bhuidhe an t-ainm a bhí air. Ba ghnáthach leis na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghan Ó hEigheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Largymore, Co. Donegal