School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)
- Location:
- Ard an Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Caiside
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd an Rátha
- XML Page 330
- XML “Moll Dubh an Ghleanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mol Dubh a' GhleannaSiúd thall é mo theach nífhuil díon air nó sgraith
'S é déanta ar thaoibh a' bhóthair
Nuair a chríonas an t-slat ní bhíonn uirthi meas
Mar a bhíos ar na crannaibh óga
Nach [ladhach? lag?] críonna í an bheach nuair a ghnidh sí a nead le gréin agus le teas an Fhóghmhair
Ní críona í ná an fear a bhréagas a bhean
Nuair a gheobhaidh sé í i dtús a hóigeII
Tá ba breaca 'gam ar shliabh gan a'n duine le bheith na ndiaidh
Ach mise do mo threorughadh leobhtha
Tá fhios ag an t-saoghal nach ortha atá mo thnúth
Cé gur bhain siad mo chiall go mór damh
Mise bheith liom féin feasta coichche ní bheidh
Anois i dtús mo óige
'S gur fann guth gach éin tráth labhras sé leis fhéin
Ar mhalaidh ná ar thaoibh na mónadhIIII cruaidhe é ná an steel mo chuid-se de mhnáibh an tsaoghail
Is charraic atá ann do chroidhe a dheigh bhean
Nuair nach dtuigeann tú an taobh de cholbhadh na leabtha a mbím
Is páirt de mo dhubh-bhróin d’éisteacht
Cúl na láimhe is gile na cúig méar’ is faide
Do dhá shúil gorma gile-geala
Nuair a théidheas an bhean dubh a mach
Caillfeadh an grian a teas
‘S tig smúid ar an ghealaigh le náire(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Caiside
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Conn Mac a' Ghoill
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Áighe, Co. Donegal