School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ardara, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside

Filter stories

Back
/ 339 Forward
Resolution: Low | High
Árd an Rátha | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 330

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Mol Dubh a' Ghleanna

Siúd thall é mo theach nífhuil díon air nó sgraith
'S é déanta ar thaoibh a' bhóthair
Nuair a chríonas an t-slat ní bhíonn uirthi meas
Mar a bhíos ar na crannaibh óga
Nach [ladhach? lag?] críonna í an bheach nuair a ghnidh sí a nead le gréin agus le teas an Fhóghmhair
Ní críona í ná an fear a bhréagas a bhean
Nuair a gheobhaidh sé í i dtús a hóige
II
Tá ba breaca 'gam ar shliabh gan a'n duine le bheith na ndiaidh
Ach mise do mo threorughadh leobhtha
Tá fhios ag an t-saoghal nach ortha atá mo thnúth
Cé gur bhain siad mo chiall go mór damh
Mise bheith liom féin feasta coichche ní bheidh
Anois i dtús mo óige
'S gur fann guth gach éin tráth labhras sé leis fhéin
Ar mhalaidh ná ar thaoibh na mónadh
III
I cruaidhe é ná an steel mo chuid-se de mhnáibh an tsaoghail
Is charraic atá ann do chroidhe a dheigh bhean
Nuair nach dtuigeann tú an taobh de cholbhadh na leabtha a mbím
Is páirt de mo dhubh-bhróin d’éisteacht
Cúl na láimhe is gile na cúig méar’ is faide
Do dhá shúil gorma gile-geala
Nuair a théidheas an bhean dubh a mach
Caillfeadh an grian a teas
‘S tig smúid ar an ghealaigh le náire

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Caiside
Gender
male
Occupation
múinteoir
Informant
Conn Mac a' Ghoill
Gender
male
Occupation
feirmeoir
Address
Aighe, Co. Donegal
Language
Irish