School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)
- Location:
- Ard an Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Caiside
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd an Rátha
- XML Page 327
- XML “Amhrán na mBréag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)VI
Chonnac mé tarbh a bhí marbh le trí céad lá
Ag lóduigheacht abair [adbhair/ádbhair?] go Sasana gan luing gan bád
Cearc fraoigh a’s bata aicí a’ briseadh cloch aoil ar shráid
Mac tíre ar a phaidrín istigh i ndam-lín ar [teach-bháirr?]VII
Chonnaic mé coinín indé ag cur cléibh ar chat
Bhí tarbh mór boinnean ar a mhuin leis i mála breac
Bhí an sionnach go brionnach agus é ag caitheamh tabac
Ar bhró mhuilinn ar eiteóig a’s í ag tomhas na hÉirnitheVIII
Chonnaic mé rón a romhar coilleadh ‘un ghráin
Ganndal a’s seabhach ag seoladh long ‘un na Spáinn
Bhí míoltóg ag casadh tobac ar phighinn sa lá
Bhí pílidhe asail ‘na caiptín ar luing ins an SpáinnIX
Chonnaic mé cuach ag coimhead asail ar shliabh
Bhí ealbh orc a’ rúscadh pocáin móir fiaidh
Bhí nead ag an púca ar mhúrnan circe thart thiar
Bhí Pápa na Róimhe agus níor fhoghlium sé an t-Aifrinn a léigheadhX
Chonnaic mé an t-iolar ‘s an t-uan ag imirt ar tráigh [pléis?]
Bḣí an sionnach ‘s an fiadh ag seinnm ar chláirsighibh ciunne
Bhí coiste gliomach faoi tuillte ar shráid ag siubhail
Cailín beag plucach ‘s gan le feiceál acht áith a súil(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Caiside
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- An Geinealach Beag
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal