School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ardara, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside

Filter stories

Back
/ 339 Forward
Resolution: Low | High
Árd an Rátha | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 317

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

III
Go rabh slan de'n bhliadhain anuraidh is orm-sa atá an chumhaidh na déidh
Bhí bean as Baile Doire againn agus bean eile a's Árd Tuigh Mór
Níor orduigh Rí no duine damh fideal a bhe agam nó cláirseach cheóil
Ach d'órduigh sé bean eile dom a chuideochaidh mo shláinte d'ól
IV
Nuair a theidhimse go hArd-a-Rath' go toig Mhánuis a bhíos mo thríall
Sgairtfinn fhéin ar ghloine lá a teacht ar clár agus buideal fíon
Shuidhfinn síos go sásta ag bean chliste an bhrollaigh mhín
Ó a Rí nar rann chair cháisin do acht grádh mo chroidhe a bheith liom a's nach mbíonn
V
Is nach mór an t-adhbhar bróin é seo agus dólas a's briseadh croidhe
Mo chailín a bheith dá pógadh ag gach stocach dá bhfuil sa tír
Chuirfinn-se díth-bróin ar an óig-mhnaoi nar fhan mars bhí
Ar fheabhas is dheanfainn ceol dí anns an Fhóghmhar 's mé baint an lín.
V
Tá buachaillí 'na h-áite seo ag athrughadh 's ag éirigh teann
Is tá lucht na hataí árda ag deanamh aruis do mo chailín donn
Da dtigeadh Rí na Spáinne thar saile a's a chabhlach cruinn
Bhrughfainn fear air fasach le bheith ar láimh le mo chailín donn.

Collector
Seán Ó Caiside
Gender
male
Occupation
múinteoir
Informant
Conn Mac a Ghoill
Gender
male
Occupation
feirmeoir
Address
Aighe, Co. Donegal
Language
Irish