School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ardara, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside

Filter stories

Back
/ 339 Forward
Resolution: Low | High
Árd an Rátha | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

II
Chuaidh mé isteach i dteach i n-Árainn indé? (i dteach an Aráin?)
An darna teach an teach ann a rabh grádh geal mo chléibh
An Tríomhadh teach caidé bhán damh ar bheith ag innse brígh mo sgéil
Gur chuir an t-sean-bhean amach le casadh an tsugain mé fhéin
III
Bhainfinn, chuirfinn, chraithfinn síol coirce i gcré
Sheolfainn na ba san Iorras a b'fheárr a bhfuighinn féar
Chuirfinn crudh ar an each i ba deise shiúbhail aríamh ar tír
Agu d'éulaidh bean fear nach ndéanadh sin féin.

I
Ar Chonnlach Ghlas lá' nFhóghmhair a stóirín a bhreathnuigheas thú
Ba dheas do chos i mbróig is ba ró deas do chaisgim (do choiscéim) shiubhail
Bhí do ghrúaidh mar na rósai agus do chuirnín a bhí casta dlúith
Agus a Ríogh gan sinn d'ár bpósadh na ar bhórd luing', triall ar shiubhal.
II
Chuir mé litir sgríobh' annsair ghrádh mo chroidhe a's casaid (casaoid) chruaidh
Sé chuir sí chugam aríst go raibh a croidhe istoigh i lár mo chléibh
Cuim is gile míne na an tsíoda atá ar phlúr na n-éan
Is nar trom an osna a gnídhim-sa nuair a smaointím ar a bheith scaramhaint léi

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Caiside
Gender
male
Occupation
múinteoir
Informant
Conn Mac a Ghoill
Gender
male
Occupation
feirmeoir
Address
Aighe, Co. Donegal
Language
Irish