School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 312

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 312
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí mé lá breághsamhraidh ar chois na boinne thiar ¶ Thárlaidh orm an ainnir óg a's í baint na sméara ó'n chraoibh

    (continued from previous page)
    I
    Bhí mé lá breágh samhraidh ar chois na Boinne thiar
    Thárlaidh orm an ainnir óg a's í baint na sméara ó'n chhraoibh
    Ba ghile a píob na hálaidh bhán [eala] a's ba dheirge grúaidh nó na rós
    Nár costasach na róbs a bhí ar mo chailín borramhail bhán

    II
    Agus luigh mé síos taobh thiar dí mar 's bhí mé breoite tinn
    D’fhiafraigh mé go h-íseal dí an dtochasfadh sí mo cheann
    Tá na céadtaí fear i ngrádh leithe go bráth nach dtig ‘un chinn
    Má thug me grádh do Mháire bhán níl cas ar bith liom ann
    III
    Shiubhalfainn oileán Éire leat agus talamh na Gréige thall
    Rachainn go bhárr an t-sléibhe leat dá m’ bhfhéidir damh fhághail ann
    Agus phósfainn gan bó ‘s gan spréidh thú
    Acht cead síneadh le do chum
    IV
    Dá mbéadh sí slat gan duilleabhar agam a lúbadh as a bárr
    Chuirfinn í ar Mháire bhán aniar fá na lár
    Sí sin an t-aon t-snaidhm cheangal a chuirtear ar a lán[?]
    Seacht n-anam do chum a Mháire bhán cuir tharaim anall do lámh
    V
    Tá brón ar an tsean-dhuine nach gceannuighim tuilleadh de bhuaibh
    Tá na sléibhte fada farsainge aige agus airgead go leór
    Da mba leisean dúithche Chonaillin agus páirt de’n Bhaile Mhór
    Thréighinn féin an seandhuine agus leanfinn an buachail óg
    VI
    Is truaigh gan mise i Muineachan mo shuidhe ar bhárr an fhéir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Caiside
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Conn Mac a Ghoill
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Áighe, Co. Donegal