School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ardara, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside

Filter stories

Back
/ 339 Forward
Resolution: Low | High
An tIolarán agus an Biolarán

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 310

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí rí ann aon uair amhach agus ní rabh clann ar bith aige. Lá amháin bhí sé amuigh agus chonnaic sé íolar agus páisde leis. Fuair sé an páisde o’n iolar agus thug sé leis chun a’bhaile é. An bhliadhain sin no na dhiaidh bhí páisde ag a bhean girseach bheag agus gasur ar tugadh ó’n iolar. Báisteadh an biolasán ar an Gheirrsigh agus an t-iolar an ar an ghasur. Bhí an bheirt páisde an mhór le chéile [‘?ois] ba mhaith leis an bhainrioghain an gasur chur ar shiubal acht ní rabh ‘fhios aice caidé’n doig a bhfuigead sí sin deánta. Chuaidh sí suas go dtí cailleac an gcearc agus as sise “ni fuil agam caidé an dóigh a bhfuigh mé an gasur ar shiubhal. Tá fíos agam deir cailleach na gcearc. Tá tobar in a leithead seo áite; cuir annsoir i mCárach é fa choinne uisge agus ní thiofaid sé arais a choidhche. An oidhche sin thainig an ghiorsach chuig an ghasur agus deir rí. “Tá tú le cur imbárach go dti an tobar. “Seo dhuit trí cipíní agus gach uile coisceim da dtabharfaid tú tóg iad agus cuir romhat iad. Nuair a bhéas tú ag an tobar. Líon na buideil le huisge agus tar abhaile leobtha, agus tabhair na [apíní?] domhsa airis. D’éirigh leis. An oidhche sin chuaidh an bhainrioghain suas arís. Toighe cailléach na gCearc agus d’innis go dtainig an gasur slán. “Dheánfaid sé [túos?”] arsa cailleach na gCearc. Tá crann ins an choill atá leath mhíle i n-áirde tá nead in a bharr agus abair leis mun a rabh na h-uibheacha leis ins an oidhche imbárach go mbainfidh tú an ceann dí. An oidhche sin thainig an ghiorsach airís agus thug si sgian dó ‘ nghasur - - - - - -

Language
Irish