School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 309

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 309

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 309
  3. XML “Bean an Ghleanna agus Roth an Mhuilinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bean eile as Gleann Cholm Cille a thainig aniar lá amháin – Bhíodh an siubhal[?] ar daoinibh an uair sin ag teacht a’s ag imtheacht abhaile siar[?] arais[?] mar nach rabh morán siopa aca istigh agus má bhí nuaidheacht ar bith i ndith ortha, b’éigean daobhtha theacht go hÁrd a’ Ráth.
    I gcás ar bith ní rabh an bhean seo ariamh roimhe sa bhaile mhór agus nuair a bhí sí i mBaile na mBreacadh tuairim ‘s mhíle as Árd a Ráth, chonnaic sé roth an mhuilinn coirce a bhí an uair sin giota beag taobh thiar de theach Uí Mhaolraonaigh. D’fhiosruigh sí de mhnaoi eile a casadh oirthí caidé arbh é an rud mór sin nach bhfacaidh sí a leithead. D’aithin an bhean eile gur as Gleann í, agus go rabh sí soinneannta i gceart agus d’innis sí dí gurab é rud an Chroich ar céasadh ár Shlánuightheóir uirthi. Chreid an bhean simplidhe í agus síos léi an bhealach mhór go bhfeiceadh sí an Chroich. D’fhan sí tamall maith dá breathnughadh agus sul a n-imtheochadh sí chuaidh sí go bpógadh sí an Chroich le bheith le h-innsint aicí ag a banadh istigh.
    Nuair a bhí sí ag pógadh an rotha caidé tharlaidh acht thosuigh sé a dhul thart agus bhuaileadh an bhean bhocht sa bhéal agus briseadh a chuid fiacla ’na cab. Arsa sise “ní sin an Chroich Naomhtha acht crann tocairt an diabhail". Chuaidh sí ar aghaidh go h-Árd a’ Ráth agus ag pilleadh dí thug sí amharc ar an mhuileann le gráin air mar chreid sí gurab é cuid an droch-ruda a bhí ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish