School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ardara, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside

Filter stories

Back
/ 339 Forward
Resolution: Low | High
Toimidín na Luaithe

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 306

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí gasúr beag in a shuidhe ins an luaith. Toimidín beag na luaithe a bhí mar ainm air. Chuaidh sé amach lá amháin ag coimhéad na riabhaighe. Chuaidh sé isteach faoi copóig agus thainig an riabhach thart agus d’ith sí an chopóg agus Toimidín comh maith. Thainig a athair a’s a mháthair dá chuartughadh. Cualaidh an Timidín iad agus labhair sé amach ó bholg na riabhaighe. “Ná bígidh mo chuartughadh nó tá mé go maith slán ag feadalaigh i mbolg na bó”. Marbhuigh siad an riabhach. Chaith siad amach an méadail mór. Thainig an madadh ruadh thart agus d’ith sé an mhéadail, Toimidín 's uile. D’imthigh an madadh ruadh leis annsin. Thosuigh Toimidín annsin ag gréasuidheacht i mbolg an mhadaidh ruaidh. Luigh an madadh ruadh i gcúl chlaidhe agus stiog sé (d’éag). Thainig mangaire thart, ghearr se an teangaidh as an madadh ruadh mar bhí punnta le fághail an uair sin ar teangaidh mhadaidh ruaidh.

Nuair a bhí an mangaire dá gearradh, labhair an Timidín agus arsa seisean, “tá tú ag teacht comhgarach ag mo chluais”. Nuair a chualaidh an mangaire glór an duine ghlac eagla é. D’imthigh sé comh gasta agus thainig leis a bhonna. D’fhág sé an teangaidh agus a phaca ‘na dhiaidh. Thug an Timidín leis abhaile iad agus tá sé féin agus a mhuinntir go téith saidhbhir ó shoin.

Language
Irish