School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 306

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 306

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 306
  3. XML “Toimidín na Luaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gasúr beag in a shuidhe ins an luaith. Toimidín beag na luaithe a bhí mar ainm air. Chuaidh sé amach lá amháin ag coimhéad na riabhaighe. Chuaidh sé isteach faoi copóig agus thainig an riabhach thart agus d’ith sí an chopóg agus Toimidín comh maith. Thainig a athair a’s a mháthair dá chuartughadh. Cualaidh an Timidín iad agus labhair sé amach ó bholg na riabhaighe. “Ná bígidh mo chuartughadh nó tá mé go maith slán ag feadalaigh i mbolg na bó”. Marbhuigh siad an riabhach. Chaith siad amach an méadail mór. Thainig an madadh ruadh thart agus d’ith sé an mhéadail, Toimidín 's uile. D’imthigh an madadh ruadh leis annsin. Thosuigh Toimidín annsin ag gréasuidheacht i mbolg an mhadaidh ruaidh. Luigh an madadh ruadh i gcúl chlaidhe agus stiog sé (d’éag). Thainig mangaire thart, ghearr se an teangaidh as an madadh ruadh mar bhí punnta le fághail an uair sin ar teangaidh mhadaidh ruaidh.
    Nuair a bhí an mangaire dá gearradh, labhair an Timidín agus arsa seisean, “tá tú ag teacht comhgarach ag mo chluais”. Nuair a chualaidh an mangaire glór an duine ghlac eagla é. D’imthigh sé comh gasta agus thainig leis a bhonna. D’fhág sé an teangaidh agus a phaca ‘na dhiaidh. Thug an Timidín leis abhaile iad agus tá sé féin agus a mhuinntir go téith saidhbhir ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0700: Tom Thumb
    Language
    Irish