School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 301
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ann uair amain agus bhí sé fein agus a bean 'na gcomnuidhe i bPoinnte Luacrois. Oidhche amháin tainig gasur go dtí an teach agus d'iarr ortha lóistin.

    Bhí fear ann uair amháin agus bhí se féin agus a bhean ‘na gcomhnaidhe i bPoinnte Luacrois. Oidhche amháin tháinig gasúr go dtí an teach agus d’iarr ortha lóistín. Fuair se lóistín. Lá ar na bhárach nior fhág an gasúr an teach. Níor fhág sé an teach ar feadh sheacht mbliadhna agus ar feadh an ama sin bhí sé at deanamh bogha agus saighead. Lá amháin tháinig tighearna an talamh agus thóg leis na ba uilig a bhí sa phoinnte. Chuaidh fear an tighe na ndiaidh. Nuair a bhí an maighistir dhá lá ar siúbhal tháinig an bhean isteach agus bhuail sí an gasúr. Dubhairt sí go rabh na ba ar siubhal agus nach rachaidh sé ‘na ndiadh.
    “Tá mé i nam go leor go fóill ars an gasúr. Amach leis go cró a bhi taoibh amuigh de’n teach agus thóg sé amach dhá mhíle bogha agus saighead agus d’imthigh leis an méad a bhí ann. Tháinig sé suas leis an chreach agus a mhaighistir agus an tighearna talaimh i mbarr Gleann na nGleanntaí. D’iarr sé ar an maighistur cia aca ar bhfearr leis troid a dheanamh nó na ba a cheapadh. Dubhairt an maighistir gurbh fearr leis na ba a cheapadh. Thosuith an gasúr ag troid. Marbhuigh sé na daoine uilig acht a mhaighistir. Nuair a bhí siad ag teacht abhaile dubhairt an gasúr nach rachaidh sé arais mar bhfastochadh an maighistir é. Cheadaigh an maighistir sin a dheanamh. “Caidé an tuarastal a bheirfea tú damh?” arsa an gasúr.
    Tá an cead chuid de gach biadh a nithim agus an deireadh de gach uile deoch dá nólaim. Maith go leor ars an gasúr. Nuair a bhí siad at teacht anuas sráid na Gleanntaí chuaidh an maighistir isteach is dteach agus cheannuigh sé deoch. D’ól sé an deoch uilig. “Níor sheas tú i bhfad le do mhargadh” ars an gasúr. “Níor shíl mé go rabh an oiread sin de thart orm agus d’ól mé gan smaointiughadh” ars an mhaighistir. Bhí an gasúr a dul ar shiubhal. Nuair a bhí an maighistir ag fágail slán aige, d’iarr sé ar an ghasúr cá h-uair a tcífeadh se arís é. “Tchífidh tú mé aríst in an chath mhór ag Bun Chruitín – taobh seo de Dhoire. Níor tháinig an lá sin go fóil.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish