School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 300

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 300

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 300
  3. XML “Scéal fá Bhulaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Am amháin bhí bullaidhe ag siúbhal thart ar fud na tíre ag cuardughadh [troda?]. Ní rabh a’n tríomhadh baile a chasfaidhe dó nar chuir sé bamhta troda ortha. Thainig sé isteach i dteach i mBaile na Brocaighe. D’iarr sé troid a chur ar fear an tighe. Ní rabh an fear abalta troid a chur air acht d’iarr sé ar an bhullaí dhul suas go Baile na h-Áithche agus go bhfuigheadh sé sean duine ‘na shuidhe ar chaithir cois na teineadh agus dá dtroideadh sé an sean duine go dtabhradh sé féin cúig phunnta dó. D’imthigh sé suas go Baile na h-Áithche agus fuair sé an sean duine.
    Bheannaigh sé do’n t-sean-duine agus rinneadh freagra air dá réir. D’iarr fear an tighe air, an caithir a bhí ar taoibh eile de’n teach a thabhairt leis agus suidhe. Is fearr duit éirghe agus an chaithir a fhághail agam ars an bullaí “ní éireochaidh” arsan sean duine, “go bhfeichfidh mé cé atá is fearr tusa ná mise”. Thosuigh siad ag troid. Bhí crioslach thart ar chorp a bhullaí. D’éirigh an sean duine agus fuair sé greim ar an chrioslach agus chroch sé an bullaí ar phionna a bhí ag bun an araidhe agus d’fhág sé é croctha mar sin.
    Labhair an bullaí annsin agus d’iarr ar an t-sean-duine ar gheall ar Dhia é a thógail anuas de’n phionna agus dá bhfuigheadh sé síos nac gcuirfeadh sé lá amhras [?] air go brath agus go
    n-imtheochadh sé go socair suaimhneach. Nuair a fuair sé a cheann leis níor bhain sé a mhéar d’á shrón go dtí gur ghlan sé braghaid a bhealaigh amach agus níor amharc sé fá dtaoibh dé throid ó’n lá sin go bhfuair sé bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Nic Niallghuis
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Bracky, Co. Donegal