School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)
- Location:
- Ard an Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Caiside

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 293
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)atá i ndith ort. Chuaidh sé síos agus bhí sé 'na sheasamh gan duine le n-iomchur. Chualaidh sé scairt and d'amharc sé thárt. Ní fhacaidh sé duine ar bith. Annsin thionntuigh sé thárt agus chonnaic sé gasúr beag ag na thaoibh. Dubhairt sé leis an ghasúr nach rabh sé mór go leor chur ar a dhruim ach'go gcuirfeadh sé faoi na asgaillí é.Nuair a bhí sé ag dul treasna bhí an gasur ag Eirigh níos truime agus níos truime air chuir sé cruaidh air é a fhágail thall ar chor ar bith. Nuair a d'fhág sé thíos é aarsa seisean leis an fhasur "Shjíl mé go rabh tú éadtrom acht tcím anois go bhfuil tú trom". "Ní fhuill iongantas ar bith annsin mar is mé an Domhan [?] na Flaithis.Bhí Rí Págánach san áit agus droch rí a bhí ann. Chuaidh an mac seo isteach i dteach an righ agus cualaidh an rí go rabh sé istigh. Chuir an rí arm mór saighduirí le na cur ar shiubhal. Arsa duine de's na saighduirí "gabh tusa ar shiubhal agus deirfidh sinne nach bhfuil tusa annseo ar chor ar bith". Bhí an mac seo comh maith as nach rachadh sé ar shiubhal do righ ar bith. Ní raibh aca acht é a thabhairt leobhtha. Chuir an rí 'na sheasah é suas le cloidhe. Chuaidh na saighdúirí ar shiubhal uaidh tuairim is ar míle. Thosuigh siad ag scaoileadh bógha a's saighde air. Níor Bhuail aon cheann aca é.Bhí fearg ag éirigh ar an rí. Chuaidh sé féin agus claidheamh aige leis an fear a mharbhadh. Bhí an rí comhgarach do'n fhear nuair sgaoil saighdúir agus d'fhág an rí ar leath-shúil. Dubhairt an fear léigheanta leis "cuir do mhéar insan fhuil agus ins an chréafóig cuir ar do shúil aus beach tú léigheanta ar an bhumaite. Ni dheanfadh a rí sin, acht bhain sE an ceann de'n fhear léigheannta. Rinne an rí mar h-iarradh air. Léigheasadh mar dhubhras. Thainig buaidhreadh ar an righ agus chuir se ar 'ach uile duine da chlainn a' athrughadh 'na gCríostaidhe.
- Collector
- Peadar Ó Breislin
- Gender
- Male
- Age
- 11
- Address
- Sceadamán, Co. Donegal