School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 292

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 292

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 292
  3. XML “Scéal - An Domhan agus na Flaithis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí fear ann uair amháin. Bhí mac aige. Bhí an mac seo an léigheannta agus ní rabh áit ar bith maith go leor fa na choinne. Chuaidh sé fhad le Rígh na Spáinne ag iarraidh áite agus fuair. Bhí sé ag obair cupla lá nuair a tháinig fear ceoil thart. Ach uile uair a deireadh an fear ceoil, anam "ó'n Diabhal" thógadh an Rí a hata de.
    Nuair a chuaidh an fear ceoil ar shiubhal d'iarr an mac ar an Righ caidé an fáth a bhaineadh sé a hata de nuair a deireadh an fear ceoil "anam ó'n Dhiabhal" ars'an Rí "tá an diabhal comh holc sin nach gcongbhochainn mo hata orm roimh a ainm. Tchím anois ars'an mac go bhfuil duine níos airde na thusa. Chuaidh sé ar shiubhal leis an Diabhal a chuartughadh mar mhaighistir. Ach uile duine a chasadh air d'fhiaffruigheadh an gasúr díobhtha.
    "Cá h-áite a bhfuil an diabhal 'na chomhnuidhe. Rachadh siad uilig ar shiubhal ua[?]. Thuas ar bharr cnuic chonnaic se páirc mhór agus cupla mhíle daoine beaga agus fear mór dubh ós a gcionn. Chuaidh sé suas i fhad leobhtha and d'imthigh siad a shiubhal agus an diabhal leobhtha. Bhí siad ag siubhal leobhtha ar aghaidh [tráigh?] [t-sraid?]. Connaic siad cnoic. "Taragaidh ar gcúl, taragaidh ar gcúl" ars'an diabhal. "Caidé atá annsin?" ars'an gasúr. "O" ars'an diabhal sin "Íosa Chríost". Tchím anois ars'an gasúr go bhfuil duine níos airde na túsa and d'imthigh sé a chuartughadh an maighistir "Íosa Chríost". Chuaidh sé isteach i dteach bheag. Bhí fear ann san teach agus bhí sé in a Chríostuidhe an mhaith. D'iarr an mac air cá rabh Íosa Críost mar nach rabh dul aige É a fhághail.
    Gabh síos go dtí an abhainn agus iomchur na daoine treasna agus bfhéidir go gcasfaidhe ort an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Ó Breislin
    Gender
    Male
    Age
    11
    Address
    Sceadamán, Co. Donegal