School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 289
  3. XML “Fionn agus A Chuideachta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Uair amháin nuair a bhí Fionn agus a Cuideachta ‘na gcomhnuidhe i gCéideadh thainig fir as tír eile le tóir a chur ortha. Ní rabh fhios ag Fionn caidé dhéanfadh sé. smaoithigh sé an chleas. D’iarr sé ar a chuid fear dhul ar shiubhal na cnuic agus go bhfanfadh sé féin agus Oscar sa bhaile. Nuair a bhí na fir ag teacht, chuaidh Fionn isteach sa chliabhan agus chuir sé Oscar siar go dtí an Gleann (Gleann Geise) leis na ba a bhuachailleacht. Thainig na fir eile go dtí an teach agus d’iarr siad ar na mnaibh “cá rabh Fionn agus na fir”. Dubhairt na mna go rabh na fir ar shiubhal na cnuic. Chuaidh duine de na fir [?ar] go dtí an cliabhan agus chuir a mhéar isteach i mbéal Fhinn. Bhain Fionn an mhéar de. Arsa seisean annsin “sin pháisde maith atá agat”, “tá sé maith go leor” ars’an bean. Annsin d’iarr siad ar na mnaibh duine ar a dheanadh séidh dobhtha. Rinne na mna aran agus chuir siad píosaí iarainn agus nuair a bhí an dinnéar réidh shuidh na fir uilig ag an tábla agus thoisigh siad ag ithe an aráin. Nuair a d’itheadh siad giota de bhriseadh siad a gcuid fiacal, agus arsa siad san “ní thig linn an t-aran seo a íthe”. Sin an cineal arain a itheas Fionn agus na fir eile i dtolamh nuair a bhíonn siad sa bhaile arsa bhean. Caithfimid dinnear de chineal éiginteacht eile a fhághail. D’iarr siad ar na mnaibh cá h-áit a rabh na ba d’innis na mna dobhtha go rabh na ba thiar ins a’ Gleann agus d’imthigh duine aca fa choinne buláin le dinnéar a dhéanamh air. Nuair a thainig sé go dtí Oscar, arsa seisean “bhéidh ceann de na [?ulain] seo agam. Ní bhéidh arsa Oscar. Fuair an fear greim ar cheann de na h-adharcabh an bhulain agus fuair Oscar greim ar an cheann eile. Níor stád siad go dtí gur [?car] siad an bulan catorra siad go dtí an ruball. Anois ars’an fear béidh an [?eath] seo agam agus d’imthigh sé ar áir go dtí an teach go bhfuigeadh sé a dhinnear. Nuair a bhí an dinéar iththe ag na fir chuaidh an t-iomlan amach. D’iarr siad ar na mnaibh caidé an greann a bhíodh ag Fionn nuair a bhéadh sé fa’n teach. Ars na mna “bhíonn sé ag cathadh na cloiche sin thar an teach agus ghéibheadh sé greim uirthi sul a mbuaileadh sé an talamh an taobh eile. Fuair fear aca greim ar an chloich agus chaith sé thar an teach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Folktales index
    AT1149: Children Desire Ogre's Flesh
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Nic Niallghuis
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Bracky, Co. Donegal