School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill

Filter stories

Back
/ 245 Forward
Resolution: Low | High
Brackey | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

sul a rabh moran caill deanta aca. Dinnis siad dó caidé ba cúis leis. D’amharc sé thar a bhalla an droicid, agus chonnaic sé an mhin ag imtheacht leis a’ tuile. Ní rabh a bhean a dréim leis abhaile ar cor a bith nuair a labhair sé ag an doras.
“A bhean a toighe”, arsa seisean, “mura bhfuil tuilleadh mine agat béidh do bhrachan lom”.
(Críoch)

Ní rabh siad a’ teacht le cheile go ro-mhaith, agus bhagair Ó Dómhnaill go gcuirfeadh sé ar siubhal ar fad í. “Bhal” arsa sise “de thairbhe sin ma chaithim-sa imtheacht ní iarrfaidh mé moran ort - go díreach trí ualach mo dhroma”. Ní mór sin” arsa Ó Dómhnaill, “tá sé na mhargadh”.
I gcionn tamaill bhí tuitim amach eile eatortha, agus d’iarr Ó Dómhnaill uirthí a ghabhail abhaile cuig na h-athair, na nach dtiocfadh leisean a bheith gaibhte léithe ní bfuide.
“Rachaid cinnte”, arsa sise, acht tá shúil agam nach dtearn tú dearmad de ar margad”.
“Ní dheárn, maise”, arsa Ó Dómhnaill, “tug leat é”. Chruinnigh sé an méid óir a bhí fán chaislean, chuir ar a druim é, agus chuaidh amach ar an doras. I gcionn tamaill phill sé, agus chuir na trúir paisdí ar a druim agus amach leobhtha. Nuair a phill sé an

(continues on next page)
Language
Irish